Uimhreacha 24 ABN

1 Nuair a chonaic Balám gur thoil leis an Tiarna beannacht a chur ar Iosrael, níor imigh sé, faoi mar a rinne roimhe sin, ar thóir tuartha, ach thug a aghaidh ar an bhfásach.

2 D'ardaigh Balám a shúile agus chonaic Iosrael suite ina gcampa, treibh ar threibh. Luigh spiorad Dé air

3 agus chan sé a laoi, agus dúirt:“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,céalmhaine an té ar gruama é a radharc,

4 céalmhaine an té a chluineann briathar Dé.Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.

5 Nach álainn iad do bhothanna, a Iacóib!nach álainn iad d'áitribh, a Iosrael.

6 Is cuma iad nó gleannta a shíneann i gcéin,nó luibhghoirt ar insí abhann,nó crainn aló a chlannaigh an Tiarna,nó crainn chéadrais láimh leis na huiscí!

7 [Tá laoch ag eascar as a síolagus ag rialú ar chiníocha gan áireamh.]Is mó ná Agag a rí,agus uaisleofar a mhórgacht.

8 Tugann Dia as an Éigipt amach é;is cuma dó é nó adharca cama dhamh díleann.Alpann sé conablach a naimhde,agus déanann sé mionramh dá gcnámhaagus tollann iad lena shaigheada.

9 Chúb sé chuige, agus luigh,mar leon, mar bhanleon.Cé leomhfadh é chur ina shuí?Gura beannaithe lucht bhur mbeannaithe;gura mallaithe lucht bhur mallaithe.”

10 Tháinig reacht feirge ar Bhálác le Balám. Bhuail sé a bhosa ar a chéile agus dúirt le Balám: “Chuir mé fios ort chun mallacht a chur ar mo naimhde, agus seo anois beannacht curtha faoi thrí agat orthu!

11 Imigh ort abhaile. Gheall mé onóir a chaitheamh leat go cinnte, ach tá sin bainte díot ag an Tiarna.”

12 Thug Balám freagra ar Bhálác: “Ná dúirt mé leis na teachtairí a chuir tú chugam:

13 ‘Dá dtabharfadh Bálác lán a thí d'ór agus d'airgead dom, ní fhéadfainn briathar an Tiarna a shárú agus rud a dhéanamh as mo stuaim féin, cibé acu maith nó olc é; a ndeir an Tiarna, sin é a déarfaidh mé.’

14 Anois ó táim ag filleadh ar mo mhuintir féin, lig dom rabhadh a thabhairt duit faoi cad a dhéanfaidh an mhuintir seo le do mhuintirse anseo amach.”

15 Ansin chan sé a laoi, agus dúirt:“Céalmhaine Bhalám mac Bheór,céalmhaine an té ar gruama é a radharc,

16 céalmhaine an té a chluineann briathar Dé,agus ar fios dó eolas an Té is Airde.Feiceann sé a dtugann an tUilechumhachtach dó le feiceáil;faigheann sé freagra ó Dhia, agus osclaítear a shúile.

17 Feicim é - ach ní anois é;faighim radharc air - ach ní láimh liom é:Faigheann réalta ó Iacób an cheannasaíocht;Éiríonn slat ríoga as Iosrael.Bascann sé malaí Mhóábagus cloigne uile chlann na geona.

18 Cuirtear Eadóm as seilbh,agus a naimhde, Saeír, mar an gcéanna, cuirtear as seilbh iad,agus cuireann Iosrael a neart i ngníomh.

19 Ceansaíonn Iacób a naimhde,agus scriosann sé na teifigh ó Ár.”

20 Ansin d'fhéach Balám ar Amáiléic agus chan a laoi agus dúirt:“Amáiléic a bhí ar thús na gciníocha,ach dísceofar a shliocht go brách.”

21 Ansin d'fhéach sé ar na Céinigh agus chan a laoi, agus dúirt:“Ba dhaingean é do theach, a Cháin,agus do nead suite go hard sa charraig.

22 Ach is le Beór an nead,agus an fada a bheidh tú sciobtha i do chime ag Aisiúr?”

23 [Ansin d'fhéach sé ar Óg] agus chan sé a laoi agus dúirt:“Tá lucht na farraige ag tóstal lastuaidh,

24 longa ó chóstaí Chitím.Cránn siad Aisiúr, cránn siad Éibir.Déanfar eisean chomh maith a dhísciú go brách.”

25 Ansin d'éirigh Balám, agus d'imigh leis abhaile. D'imigh Bálác leis chomh maith.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36