Uimhreacha 27 ABN

Oidhreacht Iníonacha

1 Tháinig chun tosaigh iníonacha Zalofachád mac Héifir, mac Ghileád, mac Mháicír, mac Mhanaise; bhain sé le sleachta Mhanaise, mac Iósaef. Ba iad seo ainmneacha a iníonacha: Machlá agus Noá, agus Hoglá agus Milceá agus Tirzeá.

2 Sheasadar i láthair Mhaois agus Eileázár an sagart, agus i láthair na gceannairí agus an chomhthionóil ag doras Bhoth na Teagmhála, agus dúirt:

3 “Fuair ár n‑athairne bás san fhásach; níor bhain sé leis an dream a bhí i gcogar ceilge in aghaidh an Tiarna, complacht Chorach; fuair sé bás de bharr a pheaca féin gan clann mhac air.

4 Cén fáth go gcaillfí ainm ár n‑athar ar a fhine? Ó bhí sé gan mhac, tabhair sealúchas éigin dúinne i measc a bhráithre gaoil.”

5 Chuir Maois a gcúis i láthair an Tiarna.

6 Dúirt an Tiarna le Maois:

7 “Tá an ceart ag iníonacha Zalofachád; tabhair seilbh dóibh ar oidhreacht i measc bhráithre gaoil a n‑athar, agus fág oidhreacht a n‑athar fúthu.

8 Agus abair le clann Iosrael: ‘Má fhaigheann duine bás gan mhac, ansin téadh a oidhreacht chun a iníne.

9 Mura mbíonn iníon aige, téadh a oidhreacht chun a dheartháireacha.

10 Mura mbíonn deartháireacha aige, téadh a oidhreacht chun deartháireacha a athar.

11 Mura mbíonn deartháireacha ag a athair, téadh a oidhreacht chun an té is goire gaol dó ar a fhine; bíodh sí aige. Bíodh sin mar reacht agus mar dhlí ag clann Iosrael, mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.’ ”

Iósua le Bheith i gCeannas

12 Dúirt an Tiarna le Maois: “Suas leat faoin sliabh seo Abáraím agus féach uait ar an bhfearann atá tugtha agam do chlann Iosrael.

13 Nuair a bheidh lán do shúl faighte agat de, cruinneofar thú chun do mhuintire, dála Árón do dheartháir.

14 Óir nuair a bhí an pobal ag monabhar i m'aghaidh, rinne sibh araon ceannairc i bhfásach Zin in aghaidh m'ordú daoibh mo naofacht a fhoilsiú os comhair a súl de bhíthin an uisce.” (Uisce Mhiríbeá Cháidéis i bhfásach Zin atá i gceist.)

15 Dúirt Maois leis an Tiarna:

16 “Go gcuire an Tiarna, Dia na spiorad, a chuireann anam san uile dhúil bheo, fear i gceannas an chomhthionóil,

17 fear a rachaidh rompu ag dul amach dóibh agus ag teacht isteach, fear a sheolfaidh amach iad agus a sheolfaidh isteach iad, i dtreo nach mbeadh comhthionól an Tiarna mar chaoirigh gan aoire.”

18 Agus dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg Iósua mac Nún, fear ina lonnaíonn an spiorad, agus leag do lámha air;

19 ansin beir leat é i láthair Eileázár, an sagart, agus i láthair an chomhthionóil go léir, agus tabhair d'orduithe dó ina láthair.

20 Roinn cuid de d'údarás leis d'fhonn go ngéillfeadh comhthionól uile chlann Iosrael dó.

21 Seasadh sé i láthair Eileázár an sagart, agus déanadh seisean ceistiú ina thaobh i láthair an Tiarna de réir ghnás an Úirím. De réir a fhocail a rachaidh siad amach, agus de réir a fhocail a thiocfaidh siad isteach - sea eisean agus clann Iosrael fairis, an comhthionól go léir.”

22 Rinne Maois mar a d'ordaigh an Tiarna. Rug sé leis Iósua agus chuir é faoi bhráid Eileázár agus an chomhthionóil go léir.

23 Leag sé a lámha air agus thug orduithe dó mar a d'aithin an Tiarna trí Mhaois.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36