Uimhreacha 7 ABN

Ofralácha na gCeannairí

1 An lá a bhí deireadh ag Maois ag cur an taibearnacail suas, rinne sé é a ungadh agus a choisreacan agus a throscán go léir chomh maith, mar aon leis an altóir agus a gréithe. Nuair a bhí sé go léir ungtha agus coisricthe aige

2 rinne ceannairí Iosrael ofráil; ba iadsan ceann na dteaghlach sinsearachta, ceannairí na dtreibheanna a bhí i gceannas an daonáirimh.

3 Thugadar a n‑ofrálacha i láthair an Tiarna, sé charbad iata agus dhá dhamh déag - carbad do gach dhá cheannaire agus damh an duine. D'ofráladar iad os comhair an taibearnacail.

4 Dúirt an Tiarna ansin le Maois:

5 “Glac iad seo uathu agus cuirtear ar leithrigh iad do sheirbhís Bhoth na Teagmhála. Tabhair do na Léivítigh iad, do gach duine do réir mar a éileoidh a dhualgais.”

6 Ghlac Maois na carbaid dá bhrí sin agus na daimh agus thug do na Léivítigh iad.

7 Thug sé dhá charbad agus ceithre dhamh do chlann Ghéirseon i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu.

8 Agus do chlann Mharáraí, ceithre charbad agus ocht ndamh i gcomhair na ndualgas a bhí le comhlíonadh acu faoi threoir Íteámár mac Árón an sagart.

9 Ach do chlann Chohát níor thug sé oiread agus ceann, mar na nithe naofa a cuireadh faoina gcúram is ar a nguaillí a bhí siad le hiompar.

An Ofráil Tíolactha

10 Ansin rinne na ceannairí ofráil do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í; d'ofráil na ceannairí a n‑ofráil os comhair na haltóra.

11 Dúirt an Tiarna le Maois: “Ofrálaidís a n‑ofrálacha, ceannaire díobh gach lá i ndiaidh a chéile, do thíolacadh na haltóra.”

12 Ar an gcéad lá sé Nachsón mac Amaíneádáb de threibh Iúdá a thug an ofráil;

13 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín airgid de mheachan seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

14 mias óir deich seicil lán de thúis;

15 tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

16 pocán gabhair don íobairt pheaca,

17 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Nachsón mac Amaíneádáb.

18 Ar an dara lá sé Natanael mac Zúár ceann Íosácár a thug an ofráil;

19 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

20 mias óir deich seicil lán de thúis;

21 tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

22 pocán gabhair don íobairt pheaca,

23 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Natanael mac Zúár.

24 Ar an tríú lá sé Eilíáb mac Haelon ceann chlann Zabúlun a thug an ofráil;

25 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

26 mias óir deich seicil lán de thúis;

27 tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

28 pocán gabhair don íobairt pheaca,

29 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíáb mac Haelon.

30 Ar an gceathrú lá sé Eilíozúr mac Shidéúr ceann chlann Reúbaen a thug an ofrail;

31 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad seo araon lan de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

32 mias óir deich seicil lán de thúis;

33 tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

34 pocán gabhair don íobairt pheaca,

35 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíozúr mac Shidéúr.

36 Ar an gcúigiú lá sé Sealuimíéil mac Zúiríseadái ceann chlann Shímeon a thug an ofráil;

37 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctora is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

38 mias óir deich seicil lán de thúis;

39 tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

40 pocán gabhair don íobairt pheaca,

41 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Shealuimíéil mac Zúiríseadái.

42 Ar an séú lá sé Eiliásáf mac Dheúael, ceann chlann Ghád a thug an ofráil;

43 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

44 mias óir deich seicil lan de thúis;

45 tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

46 pocán gabhair don íobairt pheaca,

47 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eiliásáf mac Dheúael.

48 Ar an seachtú lá sé Eilíseámá mac Aimíohúd ceann chlann Eafráim, a thug an ofráil;

49 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lan de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

50 mias óir deich seicil lán de thúis;

51 tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

52 pocán gabhair don íobairt pheaca,

53 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Eilíseámá mac Aimíohúd.

54 Ar an ochtú lá sé Gamailiéil mac Phadázúr ceann chlann Mhanaise a thug an ofráil;

55 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

56 mias óir deich seicil lán de thúis;

57 tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

58 pocán gabhair don íobairt pheaca,

59 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Ghamailiéil mac Phadázúr.

60 Ar an naoú lá sé Aibíodan mac Ghideoiní ceann chlann Bhiniáimin a thug an ofráil;

61 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

62 as óir deich seicil lan de thúis;

63 tarbh óg, reithe, agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

64 pocán gabhair don íobairt pheaca,

65 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aibíodan mac Ghideoiní.

66 Ar an deichiú lá sé Aichíeizir mac Aimíseadái ceann chlann Dhán a thug an ofráil;

67 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

68 mias óir deich seicil lán de thúis;

69 tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

70 pocán gabhair don íobairt pheaca,

71 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíeizir mac Aimíseadái.

72 Ar an aonú lá déag sé Paigíéil mac Ocrán a rinne an ofráil;

73 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

74 mias óir deich seicil lan de thúis;

75 tarbh óg, reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

76 pocán gabhair don íobairt pheaca,

77 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán; agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Phaigíéil mac Ocrán.

78 Ar an dara lá déag sé Aichíora mac Aenán ceann chlann Naftáilí a rinne an íobairt;

79 sí ofráil a rinne sé: pláta airgid de mheáchan céad agus a tríocha seicil airgid, báisín airgid seachtó seicil airgid - seicil an tsanctóra is é sin - agus iad araon lán de phlúr mín measctha le hola don abhlann;

80 mias óir deich seicil lán de thúis;

81 tarbh óg reithe agus uan fireann bliana don íobairt loiscthe;

82 pocán gabhair don íobairt pheaca,

83 agus, don íobairt chomaoineach, dhá dhamh, cúig reithe, cúig mheannán, agus cúig uan bliana fireanna. Ba í sin ofráil Aichíora mac Aenán.

84 Ba iad seo na hofrálacha a rinne ceannairí Iosrael do thíolacadh na haltóra an lá a ungadh í: dhá phláta déag airgid, dhá bháisín déag airgid, dhá mhias déag óir;

85 mheáigh gach pláta airgid céad agus a tríocha seicil, agus gach báisín seachtó seicil; agus bhí dhá mhíle ceithre chéad seicil - seicil an tsanctóra - d'airgead sna soithí sin ar fad.

86 Mheáigh an dá mhias déag óir lán de thúis deich seicil - seicil an tsanctóra - an ceann, agus bhí céad agus a fiche seicil d'ór sna báisíní sin ar fad.

87 Seo é líon iomlán na n‑ainmhithe don uileloscadh: dhá tharbh déag, dhá reithe dhéag, dhá uan fireanna bliana, lena n‑abhlanna; dhá phocán déag d'íobairt pheaca.

88 Agus líon iomlán na n‑ainmhithe don íobairt chomaoineach: ceithre tharbh fichead, trí fichid reithe, trí fichid pocán gabhair, trí fichid uan bliana fireann. Ba iadsan na hofrálacha do thíolacadh na haltóra tar éis í a ungadh.

89 Nuair a chuaigh Maois isteach i mBoth na Teagmhála chun labhairt leis, chuala sé an guth a labhair leis ó lastuas de chathaoir na trócaire a bhí ar áirc na Fianaise ó idir an dá cheiribín. Ansin is ea a labhair sé leis.

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36