Uimhreacha 17 ABN

Craobh Árón

1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

2 “Labhair le clann Iosrael agus abair leo craobhacha a thabhairt duit, craobh thar ceann gach teaghlaigh athartha; tugadh na ceannairí le chéile dosaon craobh thar ceann a dteaghlach athartha. Scríobh ainm gach duine ar a chraobh

3 agus scriobh ainm Árón ar chraobh Léiví; óir beidh craobh do cheann gach teaghlaigh athartha.

4 Ansin cuir iad i mBoth na Teagmhála, os comhair na Fianaise, mar a dteagmhaím leat.

5 An té a dtiocfaidh bláth ar a chraobh, sin é an té atá tofa agam; sin mar a chuirfidh mé deireadh leis na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i d'aghaidh.”

6 Labhair Maois le hIosrael agus thug a gceannairí go léir craobh an duine dó, dosaon craobh ar fad thar ceann na dteaghlach athartha; bhí craobh Árón i measc na gcraobhacha.

7 Leag Maois iad i mBoth na Teagmhála i láthair an Tiarna.

8 Lá arna mhárach ghabh Maois isteach i mBoth na Fianaise agus b'shiúd í craobh Árón, thar ceann theaghlach Léiví, ag péacadh cheana féin. Bhí bachlóga curtha amach aici, agus bláthanna tagtha uirthi, agus almóinní aibí uirthi.

9 Thug Maois leis na craobhacha go léir ó láthair an Tiarna amach go clann Iosrael go léir; rinneadar iad a spiúnadh agus thóg gach duine a chraobh féin leis.

10 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Cuir craobh Árón ar ais i láthair na Fianaise mar a mbeidh sí á coimeád ina sampla do na ceannaircigh seo; cuirfidh sí deireadh go deo lena monabhar i m'aghaidh le nach bhfaighidh siad bás.”

11 Rinne Maois mar a d'ordaigh an Tiarna; mar a d'ordaigh an Tiarna is ea a rinne sé.

12 Dúirt clann Iosrael le Maois: “Tá deireadh linn! Tá an bás chugainn! Tá an bás chugainn go léir!

13 Aon duine a théann i ngar do thaibearnacal an Tiarna le hofráil, gheobhaidh sé bás. An é an bás atá i ndán dúinn go léir?”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36