Uimhreacha 25 ABN

Iosrael i bPeór

1 Chuir Iosrael fúthu i Sitím, agus chrom na daoine ar striapachas a dhéanamh le hógmhná Mhóáb.

2 Thugadarsan cuireadh don phobal go féastaí a ndéithe, agus chaith an pobal an bia agus shléachtadar dá ndeithe.

3 Ghabh Iosrael faoi chuing Bhál Peór ar an gcuma sin agus las fraoch feirge an Tiarna ina n‑aghaidh.

4 Dúirt an Tiarna le Maois: “Tóg ceannairí uile an phobail, agus caith le faill i lár an lae ghéigil ghil i bhfianaise an Tiarna iad; ansin iompóidh cuthach feirge an Tiarna ó Iosrael.”

5 Dúirt Maois leis na breithiúna in Iosrael: “Ní foláir do gach duine agaibh iad siúd dá mhuintir a chuaigh faoi chuing Bhál Peór a chur chun báis.”

6 Seo fear de chlann Iosrael ag gabháil an treo agus an bhean Mhidiánach á tabhairt isteach ina theaghlach aige, os comhair súile Mhaois agus chomhthionól uile chlann Iosrael agus iad ag lógóireacht ag doras Bhoth na Teagmhála.

7 Píneachás mac Eileázár mhic Árón, an sagart, nuair a chonaic sé é sin, d'éirigh sé, d'fhág an comhthionól, agus rug ar shleá,

8 agus chuaigh ar tí an Iosraelaigh isteach sa seomra cúil agus sháigh sé an tsleá go feirc sa bhléin iontu araon, an tIosraelach fir agus an bhean. Stad an phlá a bhuail clann Iosrael ar an gcaoi sin.

9 Bhí ceithre mhíle fichead marbh den phlá cheana féin, dá ainneoin sin.

10 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

11 “Píneachás, sagart, mac Eileázár mhic Árón, chuir sé mo chuthach de chlann Iosrael, óir is aige amháin a bhí dúthracht mar mo dhúthrachtsa; uime sin níor scrios mé clann Iosrael de bharr mo dhúthrachta.

12 Fógair é seo dá bhrí sin: ‘Seo mé ag bronnadh mo chonradh mar chúiteamh airsean;

13 agus beidh sé in chonradh sagartachta síoraí aigesean agus ag a shliocht dá éis, óir bhí dúthracht aige i mbun a Dhé, agus rinne sé leorghníomh do phobal Iosrael.’ ”

14 An tIosraelach a maraíodh - an té úd is é sin a maraíodh leis an mbean Mhidiánach - Zimrí mac Sálú a ba ainm dó, ceannaire ar theaghlach sinseartha de chuid Shímeon.

15 An Midiánach mná a maraíodh, Cozbaí iníon Zúr - taoiseach sleachta, teaghlach sinseartha i Midián - a ba ainm di.

16 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:

17 “Buair na Midiánaigh agus buail iad.

18 Óir bhuair siad thú lena gcluain i ngnó Pheór, agus i ngnó Chozbaí a siúr, iníon taoisigh i Midián, an bhean a maraíodh an lá a bhuail an phlá de bharr Pheór.”

Caibidlí

1 2 3 4 5 6 7 8 9 10 11 12 13 14 15 16 17 18 19 20 21 22 23 24 25 26 27 28 29 30 31 32 33 34 35 36