13 Do Áiséar, Paigíéil mac Ocrán.
14 Do Ghád, Eiliásáf mac Dheúael.
15 Do Naftáilí, Aichíora mac Aenán.”
16 Oirearca an chomhthionóil iadsan, ceannairí a dtreibheanna dúchais, treoraithe shluaite Iosrael.
17 Rug Maois agus Árón na daoine seo, ar luadh a n‑ainmneacha, leo
18 agus ar an gcéad lá den dara mí thionóladar an comhthionól go léir. Rinne clann Iosrael go léir a nginealach a chur isteach de réir fine agus clainne, agus áiríodh ainm gach fir fiche bliain nó breis, ceann ar cheann.
19 Rinne Maois daonáireamh orthu i bhfásach Shíonái mar a d'ordaigh an Tiarna dó.