17 Rug Maois agus Árón na daoine seo, ar luadh a n‑ainmneacha, leo
18 agus ar an gcéad lá den dara mí thionóladar an comhthionól go léir. Rinne clann Iosrael go léir a nginealach a chur isteach de réir fine agus clainne, agus áiríodh ainm gach fir fiche bliain nó breis, ceann ar cheann.
19 Rinne Maois daonáireamh orthu i bhfásach Shíonái mar a d'ordaigh an Tiarna dó.
20 Nuair a bhí ginealach mhuintir Reúbaen, céadghin Iosrael, curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis, ceann ar cheann, a raibh ar a gcumas airm a iompar.
21 Ba é a líon siúd ar threibh Reúbaen daichead sé mhíle cúig céad.
22 Nuair a bhí ginealach mhuintir Shímeon curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
23 Ba é a líon siúd ar threibh Shímeon caoga naoi míle trí chéad.