19 Rinne Maois daonáireamh orthu i bhfásach Shíonái mar a d'ordaigh an Tiarna dó.
20 Nuair a bhí ginealach mhuintir Reúbaen, céadghin Iosrael, curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis, ceann ar cheann, a raibh ar a gcumas airm a iompar.
21 Ba é a líon siúd ar threibh Reúbaen daichead sé mhíle cúig céad.
22 Nuair a bhí ginealach mhuintir Shímeon curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
23 Ba é a líon siúd ar threibh Shímeon caoga naoi míle trí chéad.
24 Nuair a bhí ginealach mhuintir Ghád curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh ar a gcumas airm a iompar.
25 Ba é a líon siúd ar threibh Ghád daichead cúig mhíle sé chéad agus a caoga.