31 Ba é a líon siúd ar threibh Zabúlun caoga seacht míle ceithre chéad.
32 Maidir le clann Iósaef: Nuair a bhí ginealach mhuintir Eafráim curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
33 Ba é a líon siúd ar threibh Eafráim daichead míle cúig céad.
34 Nuair a bhí ginealach mhuintir Mhanaise curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
35 Ba é a líon siúd ar threibh Mhanaise tríocha dó míle dhá chéad.
36 Nuair a bhí ginealach mhuintir Bhiniáimin curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
37 Ba é a líon siúd ar threibh Bhiniáimin tríocha cúig mhíle ceithre chéad.