35 Ba é a líon siúd ar threibh Mhanaise tríocha dó míle dhá chéad.
36 Nuair a bhí ginealach mhuintir Bhiniáimin curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
37 Ba é a líon siúd ar threibh Bhiniáimin tríocha cúig mhíle ceithre chéad.
38 Nuair a bhí ginealach mhuintir Dhán curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
39 Ba é a líon siúd ar threibh Dhán, seasca dó míle seacht gcéad.
40 Nuair a bhí ginealach mhuintir Áiséar curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
41 Ba é a líon siúd ar threibh Áiséar daichead a haon mhíle cúig céad.