38 Nuair a bhí ginealach mhuintir Dhán curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain d'aois nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
39 Ba é a líon siúd ar threibh Dhán, seasca dó míle seacht gcéad.
40 Nuair a bhí ginealach mhuintir Áiséar curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
41 Ba é a líon siúd ar threibh Áiséar daichead a haon mhíle cúig céad.
42 Nuair a bhí ginealach mhuintir Naftáilí curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
43 Ba é a líon siúd ar threibh Naftáilí caoga trí mhíle ceithre chéad.
44 Sin iad na fir a áiríodh ag Maois agus ag Árón agus ag ceannairí Iosrael, dáréag díobh, gach duine díobh ag seasamh do theaghlach a shinsear.