42 Nuair a bhí ginealach mhuintir Naftáilí curtha isteach de réir fine agus clainne, áiríodh ceann ar cheann ainm gach fir fiche bliain nó breis a raibh sé ar a gcumas airm a iompar.
43 Ba é a líon siúd ar threibh Naftáilí caoga trí mhíle ceithre chéad.
44 Sin iad na fir a áiríodh ag Maois agus ag Árón agus ag ceannairí Iosrael, dáréag díobh, gach duine díobh ag seasamh do theaghlach a shinsear.
45 Áiríodh de réir fine agus clainne gach fear de chlann Iosrael a bhí fiche bliain nó breis agus é ar a chumas airm a iompar.
46 Ba é an líon iomlán sé chead agus a trí mhíle cúig céad agus caoga.
47 Ach níor cuireadh na Léivítigh agus a dtreibh shinsearachta san áireamh.
48 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt: