10 In bhur bhféilte chomh maith, in bhur sollúna cinnte agus in bhur bhféilte ré nua, déanfaidh sibh bhur dtrumpaí a shéideadh le linn bhur n‑íobairtí loiscthe agus bhur n‑íobairtí comaoineach; beidh siadsan mar shás cuimhnithe oraibh i láthair bhur nDé. Mise an Tiarna bhur nDia.”
11 Sa dara bliain, sa dara mí, ar an bhfichiú lá den mhí sin, d'ardaigh an néal ó thaibearnacal na Fianaise.
12 Chuir clann Iosrael chun siúil faoi eagar aistir, ó fhásach Shíonái. Luigh an néal i bhfásach Phárán.
13 Seo iad an mhuintir a chuir chun bealaigh ar dtús faoi ordú an Tiarna trí bhéal Mhaois:
14 ar tosach bhí bratach champa chlann Iúdá faoi chóiriú catha. I gceannas ar a slua bhí Nachsón mac Amaíneádáb;
15 i gceannas ar threibh chlann Íosácár faoi chóiriú catha bhí Natanael mac Zúár;
16 i gceannas ar threibh chlann Zabúlun faoi chóiriú catha bhí Eilíáb mac Haelon.