13 Seo iad an mhuintir a chuir chun bealaigh ar dtús faoi ordú an Tiarna trí bhéal Mhaois:
14 ar tosach bhí bratach champa chlann Iúdá faoi chóiriú catha. I gceannas ar a slua bhí Nachsón mac Amaíneádáb;
15 i gceannas ar threibh chlann Íosácár faoi chóiriú catha bhí Natanael mac Zúár;
16 i gceannas ar threibh chlann Zabúlun faoi chóiriú catha bhí Eilíáb mac Haelon.
17 Nuair a tógadh anuas an taibearnacal, chuir clann Ghéirseon agus clann Mharáraí chun bealaigh ag iompar an taibearnacail.
18 Ansin chuir bratach champa chlann Reúbaen chun bealaigh faoi chóiriú catha; i gceannas ar shlua Reúbaen bhí Eilíozúr mac Shidéúr;
19 i gceannas threibh chlann Shímeon faoi chóiriú catha bhí Sealuimíéil mac Zúiríseadái;