19 i gceannas threibh chlann Shímeon faoi chóiriú catha bhí Sealuimíéil mac Zúiríseadái;
20 i gceannas threibh chlann Ghád faoi chóiriú catha bhí Eiliásáf mac Dheúael.
21 Ansin chuir clann Chohát chun bealaigh agus na nithe naofa ar iompar acu (bhí an taibearnacal curtha suas roimh iad a theacht).
22 Ansin tháinig bratach champa chlann Eafráim faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Eilíseámá mac Aimíohúd;
23 i gceannas ar shlua threibh chlann Mhanaise bhí Gamailíéil mac Phadázúr;
24 i gceannas ar shlua threibh chlann Bhiniáimin bhí Aibíodan mac Ghideoiní.
25 Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái;