2 “Déan dhá thrumpa, déan d'airgead buailte iad. Bain feidhm astu ag gairm an chomhthionóil agus ag scor an champa.
3 Nuair a shéidfear iad araon cruinníodh an comhthionól chugat ag doras Bhoth na Teagmhála.
4 Nuair nach séidfear ach ceann, ansin ná cruinníodh i do thimpeall ach an lucht ceannais, ceannairí threibheanna Iosrael.
5 Nuair a ghabhann gáir chatha leis an séideadh, cuireadh na campaí lastoir chun siúil.
6 Nuair a dhéanfar an dara séideadh agus go mbíonn gáir chatha leis, cuireadh na campaí laisteas chun siúil. Chun an campa a scor, ní foláir gáir chatha a dhul leis an séideadh;
7 ach chun an comhthionól a chruinniú, déantar an trumpa a shéideadh gan gháir chatha.
8 Siad na sagairt, clann Árón, a shéidfidh na trumpaí; dlí síoraí é seo daoibh féin agus do bhur sliocht.