22 Ansin tháinig bratach champa chlann Eafráim faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Eilíseámá mac Aimíohúd;
23 i gceannas ar shlua threibh chlann Mhanaise bhí Gamailíéil mac Phadázúr;
24 i gceannas ar shlua threibh chlann Bhiniáimin bhí Aibíodan mac Ghideoiní.
25 Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái;
26 i gceannas ar threibh chlann Áiséar faoi chóiriú catha bhí Paigíéil mac Ocrán;
27 i gceannas ar threibh chlann Naftáilí faoi chóiriú catha, bhí Aichíora mac Aenán.
28 Ba é sin eagar máirseála chlann Iosrael faoi chóiriú catha. Chuireadar chun bóthair dá bhrí sin.