23 i gceannas ar shlua threibh chlann Mhanaise bhí Gamailíéil mac Phadázúr;
24 i gceannas ar shlua threibh chlann Bhiniáimin bhí Aibíodan mac Ghideoiní.
25 Ar deireadh, thiar, mar chúlgharda ar an gcampa uile, chuir bratach champa chlann Dhán chun bealaigh, faoi chóiriú catha; i gceannas ar a slua bhí Aichíeizir mac Aimíseadái;
26 i gceannas ar threibh chlann Áiséar faoi chóiriú catha bhí Paigíéil mac Ocrán;
27 i gceannas ar threibh chlann Naftáilí faoi chóiriú catha, bhí Aichíora mac Aenán.
28 Ba é sin eagar máirseála chlann Iosrael faoi chóiriú catha. Chuireadar chun bóthair dá bhrí sin.
29 Dúirt Maois le Hobáb mac Reúael, an Midiánach, athair a chéile: “Táimid ag cur chun bóthair go dtí an tír a ndúirt an Tiarna faoi: ‘tabharfaidh mé daoibh é’. Tar linn agus déanfaimid do leas, óir gheall an Tiarna sonas do chlann Iosrael.”