26 i gceannas ar threibh chlann Áiséar faoi chóiriú catha bhí Paigíéil mac Ocrán;
27 i gceannas ar threibh chlann Naftáilí faoi chóiriú catha, bhí Aichíora mac Aenán.
28 Ba é sin eagar máirseála chlann Iosrael faoi chóiriú catha. Chuireadar chun bóthair dá bhrí sin.
29 Dúirt Maois le Hobáb mac Reúael, an Midiánach, athair a chéile: “Táimid ag cur chun bóthair go dtí an tír a ndúirt an Tiarna faoi: ‘tabharfaidh mé daoibh é’. Tar linn agus déanfaimid do leas, óir gheall an Tiarna sonas do chlann Iosrael.”
30 “Ní rachaidh mé faraibh,” ar sé, “imeoidh mé chun mo thíre agus mo mhuintire féin.”
31 “Ná himigh uainn,” arsa Maois, “mar tá a fhios agat cár féidir dúinn ár gcampa a shuíomh san fhásach; agus beidh tú mar shúile againn.
32 Má thagann tú inár gcoimhdeacht, beidh tú páirteach i ngach beannacht sonais lena mbeannóidh an Tiarna sinn.”