32 Má thagann tú inár gcoimhdeacht, beidh tú páirteach i ngach beannacht sonais lena mbeannóidh an Tiarna sinn.”
33 Chuir siad chun siúil ó shliabh an Tiarna agus rinne siad taisteal trí lá. Ghabh áirc chonradh an Tiarna ar an aistear trí lá seo ag lorg áit lonnaithe dóibh.
34 Agus bhí néal an Tiarna os a gcionn sa lá cibé uair a d'fhágadar an campa.
35 Nuair a chuireadh an áirc chun bóthair deireadh Mhaois:“Éirigh, a Thiarna, agus go raibh scaipeadh ar do naimhde!Agus an dream a bhfuil fuath acu duit,Go dteithidís lena n‑anam romhat.”
36 Agus nuair a stopadh sí, deireadh sé:“Fill, a Thiarna,Ar na mílte ar mhílte d'Iosraelaigh.”