1 Bhí an pobal ag cnáimhseán i dtaobh a gcruatan faoi éisteacht an Tiarna, agus arna gclos don Tiarna d'adhain a fhearg agus las lasair an Tiarna ina measc agus loisc sé imeall den champa.
2 Ansin rinne an pobal achainí ar Mhaois agus ghuigh sé chun an Tiarna agus chuaigh an tine in éag.
3 Tugadh Tabaerá ar an áit mar gur loisc lasair an Tiarna ina measc.
4 An daoscarshlua a bhí i measc an phobail, bhuail miangas iad, agus chrom clann Iosrael chomh maith ar lógóireacht arís: “Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn?” ar siad.
5 “Cad é iasc, mar is cuimhin linn, a d'ithimís in aisce san Éigipt! - agus cúcamair, agus mealbhacáin, agus cainninn, agus oinniúin, agus gairleoga.