18 Abair leis an bpobal: ‘Coisricigí sibh féin don lá amárach, agus beidh feoil le hithe agaibh, óir rinne sibh lógóireacht i gcomhchlos don Tiarna á rá: Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn? Nár bhreá an saol a bhí againn san Éigipt! Uime sin tabharfaidh an Tiarna feoil le hithe daoibh.
19 Ní ar feadh lae amháin, nó dhá lá, nó cúig lá, nó deich lá, nó fiche lá, a íosfaidh sibh í,
20 ach ar feadh mí iomlán, go dtí go gcuirfidh sí masmas oraibh agus go mbeidh an ghráin agaibh uirthi, mar gur shéan sibh an Tiarna atá in bhur measc agus go ndearna sibh lógóireacht ina láthair á rá: Cad ab áil linn teacht amach as an Éigipt ar aon chor?’ ”
21 Dúirt Maois: “Sé líon an phobail i mo thimpeall, sé chéad míle troitheach, agus deir tú: ‘Tabharfaidh mé feoil le hithe dóibh ar feadh mí iomlán!’
22 Dá marófaí na tréada agus na táinte go léir dóibh, ar leor sin dóibh? Dá mbaileofaí a bhfuil d'iasc san fharraige dóibh, ar leor sin dóibh?”
23 “Ar giorraíodh lámh an Tiarna?” arsa an Tiarna le Maois, “feicfidh tú anois an gcomhlíonfar mo gheallúint duit nó nach ndéanfar.”
24 Chuaigh Maois amach dá bhrí sin agus d'inis don phobal cad dúirt an Tiarna; agus chruinnigh sé seachtó de sheanóirí an phobail agus thug leis agus chuir timpeall na Botha iad.