2 Ansin rinne an pobal achainí ar Mhaois agus ghuigh sé chun an Tiarna agus chuaigh an tine in éag.
3 Tugadh Tabaerá ar an áit mar gur loisc lasair an Tiarna ina measc.
4 An daoscarshlua a bhí i measc an phobail, bhuail miangas iad, agus chrom clann Iosrael chomh maith ar lógóireacht arís: “Cé thabharfaidh feoil le hithe dúinn?” ar siad.
5 “Cad é iasc, mar is cuimhin linn, a d'ithimís in aisce san Éigipt! - agus cúcamair, agus mealbhacáin, agus cainninn, agus oinniúin, agus gairleoga.
6 Ach anois níl géarú goile againn agus gan ach manna os comhair ár súl againn.”
7 Anois bhí an manna mar shíol coiriandair, agus dealramh bdellium air.
8 Ghabhadh an pobal timpeall agus chruinnídís é, agus mheilidís i muilte é, nó bhrúidís le tuairgnín é; dhéanaidís é a bhruith ansin i bpotaí, agus dhéanaidís cístí de. Bhí blas air mar a bheadh ar chístí bruite le hola.