31 Ghabh gaoth amach ón Tiarna agus thiomáin sé gearga isteach ón bhfarraige agus thug anuas iad láimh leis an gcampa. Bhíodar ina luí ansiúd aistear lae, abair, ón gcampa, ina thimpeall ón dá thaobh, agus iad dhá bhanláimh ar airde ar an talamh.
32 D'fhan an pobal ar a gcois an lá agus an oíche sin go léir, agus lá arna mhárach chomh maith, ag cruinniú gearg; deich n‑ómar an cnuasach is lú a rinne aon duine. Ansin leathadar amach dóibh féin timpeall an champa iad.
33 Bhí an fheoil fós faoina bhfiacla, gan cogaint, nuair a d'adhain fearg an Tiarna in aghaidh an phobail, agus bhuail an Tiarna an pobal le plá rómhór.
34 Uime sin tugadh Ciobrót Hatavá (“Uaigheanna an Mhiangais”) ar an áit mar is ansiúd a d'adhlacadar an dream a ghéill dá miangas.
35 Chuir an pobal chun siúil ó Chiobrót Hatavá go Hazaerót; agus shuíodar a gcampa i Hazaerót.