1 Rinne Miriám, agus Árón chomh maith léi, monabhar in aghaidh Mhaois i dtaobh na mná Cuisíteach a phós sé; óir phós sé Cuisíteach mná.
2 Dúradar: “An trí Mhaois amháin a labhair an Tiarna? Nár labhair sé trínne chomh maith?” Chuala an Tiarna é sin.
3 Anois bhí Maois sárumhal, bhí sé ar an duine ba umhla ar talamh.
4 Labhair an Tiarna de gheit le Maois le hÁrón agus le Miriám: “Tagadh an triúr agaibh amach,” ar sé, “go Both na Teagmhála.” Chuadar a dtriúr,
5 agus thuirling an Tiarna ina cholún néil agus sheas ag doras na Botha. Ghlaoigh sé ar Árón agus ar Mhiriám agus tháinig siad chun tosaigh.
6 Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra:Más fáidh aon duine in bhur measc,Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis;Labhraím leis in aisling.