4 Labhair an Tiarna de gheit le Maois le hÁrón agus le Miriám: “Tagadh an triúr agaibh amach,” ar sé, “go Both na Teagmhála.” Chuadar a dtriúr,
5 agus thuirling an Tiarna ina cholún néil agus sheas ag doras na Botha. Ghlaoigh sé ar Árón agus ar Mhiriám agus tháinig siad chun tosaigh.
6 Dúirt an Tiarna: “Éistigí anois le mo bhriathra:Más fáidh aon duine in bhur measc,Cuirim mé féin in aithne dó i bhfis;Labhraím leis in aisling.
7 Ach ní amhlaidh le Maois mo shearbhónta;Mo theach is baile dó;
8 Labhraím leis béal ar bhéal,Go soiléir gan tomhaiseanna,Agus feiceann sé cló an Tiarna.“Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?”
9 Las bladhm feirge an Tiarna ina gcoinne. D'imigh sé leis.
10 Chomh luath agus a d'imigh an néal ón mBoth, ba shin Miriám ina lobhar, chomh geal le sneachta. Chas Árón agus d'fhéach uirthi; b'shiúd í ina lobhar.