8 Labhraím leis béal ar bhéal,Go soiléir gan tomhaiseanna,Agus feiceann sé cló an Tiarna.“Conas, más ea, go bhfuil sé de dhánaíocht ionaibh, monabhar a dhéanamh in aghaidh mo shearbhónta Maois?”
9 Las bladhm feirge an Tiarna ina gcoinne. D'imigh sé leis.
10 Chomh luath agus a d'imigh an néal ón mBoth, ba shin Miriám ina lobhar, chomh geal le sneachta. Chas Árón agus d'fhéach uirthi; b'shiúd í ina lobhar.
11 Dúirt Árón le Maois: “Fóir orainn, a thiarna! Ná hagair orainn peaca a rinneamar le baois ach ina bhfuilimid ciontach.
12 Ná bíodh sí mar árrachtach ag teacht ó bhroinn a mháthar agus leath a chuid feola lofa.”
13 Ghuigh Maois go hard chun an Tiarna: “A Dhia,” ar sé, “leigheas í le do thoil, impím ort!”
14 Ansin dúirt an Tiarna le Maois: “Mura ndéanfadh a hathair ach seile a chaitheamh san aghaidh uirthi, nach mbeadh sí ina ceap náire ar feadh seacht lá? Cuirtear ar leithrigh amach ón gcampa í ar feadh seacht lá, agus ansin ina dhiaidh sin tugtar isteach arís í.”