1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2 “Seol amach fir, fear as gach treibh, chun tír Chanán atá á thabhairt agam do chlann Iosrael a spiúnadh. Seol ceannaire gach treibhe.”
3 Faoi ordú an Tiarna dá bhrí sin sheol Maois iad ó fhásach Phárán; ba cheannairí ar chlann Iosrael na fir seo go léir;
4 is iad seo a n‑ainmneacha: Thar ceann treibh Reúbaen, Seamua mac Zacúr.