12 Thar ceann treibh Dhán, Aimíael mac Ghamaillí.
13 Thar ceann treibh Áiséar, Satúr mac Mhíocáéil.
14 Thar ceann treibh Naftáilí, Nachbaí mac Vofsaí.
15 Thar ceann treibh Ghád, Geúéil mac Mhácaí.
16 Sin iad ainmneacha na ndaoine a sheol Maois uaidh ag taiscéaladh na tíre. Ansin thug Maois an t‑ainm Iósua ar Hóiséa mac Nún.
17 Chuir Maois uaidh iad chun taiscéaladh a dhéanamh ar Chanán. “Téigí suas isteach san Neigib,” ar sé leo, “agus as sin go dtí na hardáin;
18 faighigí amach cén sórt tíre é, agus cén sórt iad lucht a áitrithe, an tréan nó lag dóibh, an tiubh nó gann dóibh;