22 Ghabhadar ó thuaidh fan an Neigib go dtí Heabrón mar a raibh cónaí ar chlann Anac, Aichíomán agus Séisea agus Talmai (bunaíodh Heabrón seacht mbliana roimh Zoan san Éigipt).
23 Thángadar go dtí Gleann Eisciol agus ghearradar craobh fíniúna ann le crobhaing caor; thug beirt acu leo í ar chuaille eatarthu; thugadar leo chomh maith pomagránaití agus figí.
24 Tugadh Gleann Eisciol (“Crobhaing”) ar an áit ón gcrobhaing a ghearr clann Iosrael anuas ansiúd.
25 Tar éis daichead lá d'fhilleadar óna dtaiscéaladh ar an tír.
26 Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh.
27 Mar seo a dúradar: “Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh.
28 Dream cumhachtach iad siúd a chónaíonn ann áfach; tá cóir chosanta ar a mbailte agus tá siad an-mhór; agus, sea, chonaiceamar sliocht Anac ann.