25 Tar éis daichead lá d'fhilleadar óna dtaiscéaladh ar an tír.
26 Thángadar go dtí Maois, Árón agus go comhthionól uile chlann Iosrael i bhfásach Phárán ag Cáidéis. Thugadar a dtuairisc dóibhsean agus don chomhthionól go léir agus thaispeánadar torthaí na tíre dóibh.
27 Mar seo a dúradar: “Ghabhamar isteach sa tír inar sheol tú sinn; tá bainne agus mil ina slaoda ann, go deimhin, agus seo cuid dá thoradh.
28 Dream cumhachtach iad siúd a chónaíonn ann áfach; tá cóir chosanta ar a mbailte agus tá siad an-mhór; agus, sea, chonaiceamar sliocht Anac ann.
29 Tá seilbh ag an Amailéiceach ar dhúiche an Neigib; ag an Hiteach an Amórach agus an Iabúsach ar na hardáin, agus ag an gCanánach ar fheorainn na farraige agus na Iordaine.”
30 Bhí Cálaeb ag gríosú na ndaoine i láthair Mhaois agus dúirt: “Ar aghaidh linn gan mhoill agus gabhaimís seilbh ar an tír seo; is féidir dúinn é a smachtú.”
31 Ach dúirt na daoine a chuaigh suas fairis: “Ní féidir dúinn máirseáil i gcoinne na ndaoine seo; is treise iad ná sinne.”