27 “An fada a bheidh an mhuintir chlaon seo ag monabhar i m'aghaidh? Chuala mé na gearáin atá á ndéanamh ag clann Iosrael i m'aghaidh.
28 Abair leo: ‘Dar mo bheo - sé an Tiarna atá ag caint - tabharfaidh mé íde oraibh díreach de réir na bhfocal a dúirt sibh i mo láthair.
29 Titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo; sea de líon bhur bhfear go léir a áiríodh sa daonáireamh ó aois fiche bliain agus breis, a rinne gearán i m'aghaidh,
30 mionnaim nach rachaidh duine isteach sa tír a mhionnaigh mé a thabharfainn mar áitreabh daoibh,
31 ach Cálaeb mac Iafuna agus Iósua mac Nún.
32 Agus bhur leanaí a dúirt sibh a d'fhuadófaí mar chreach, tabharfaidh mé isteach iad chun aithne a chur ar an talamh ba bheag oraibhse.
33 Ach maidir libhse, titfidh bhur gconablaigh san fhásach seo agus beidh bhur gclann ina n‑aoirí san fhásach ar feadh daichead bliain, ag iompar ualach bhur mídhílseachta go sínfear an duine deireanach díbh marbh san fhásach.