3 Cad ab áil leis an Tiarna dár dtabhairt isteach sa tír seo d'fhonn go dtitimís de rinn claímh agus go ngabhfaí ár mná agus ár miondaoine mar chreach? Nárbh fhearr dúinn filleadh ar an Éigipt?”
4 Dúradar le chéile ansin: “Ceapaimís ceannaire agus fillimís ar an Éigipt.”
5 Ansin chaith Maois agus Árón iad féin ar a mbéal agus ar a bhfiacla os comhair chruinniú chomhthionól chlann Iosrael go léir.
6 Iósua mac Nún agus Cálaeb mac Iafuna, beirt de lucht braite na tíre, stróic siad a n‑éadaí,
7 agus dúradar le comhthionól chlann Iosrael go léir: “An tír a ghabhamar á thaiscéaladh, is tír mhaith é, tír fhónta.
8 Má bhíonn an Tiarna sásta linn, seolfaidh sé isteach sa tír seo sinn agus tabharfaidh sé dúinn é. Is tír é ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
9 Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.”