7 agus dúradar le comhthionól chlann Iosrael go léir: “An tír a ghabhamar á thaiscéaladh, is tír mhaith é, tír fhónta.
8 Má bhíonn an Tiarna sásta linn, seolfaidh sé isteach sa tír seo sinn agus tabharfaidh sé dúinn é. Is tír é ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda.
9 Ná déanaigí ceannairc in aghaidh an Tiarna. Ná bíodh eagla oraibh roimh mhuintir na tíre seo; déanfaimid iad a alpadh. Tá scáil a gcumhdaithe scartha leo, fad tá an Tiarna inár gcoimhdeacht. Na bíodh eagla oraibh rompu.”
10 Ag caint ar ghabháil de chlocha orthu a bhí an comhthionól go léir nuair a thaispeáin glóir an Tiarna í féin ag Both na Teagmhála do chlann Iosrael.
11 Dúirt an Tiarna le Maois: “An fada a bheidh an pobal seo do mo mhaslú? An fada a dhiúltóidh siad creideamh ionam d'ainneoin na gcomharthaí go léir a rinne mé ina measc?
12 Buailfidh mé le plá iad agus fágfaidh mé gan oidhreacht iad; agus déanfaidh mé cine nua díotsa, cine is mó agus is treise ná iad.”
13 D'fhreagair Maois an Tiarna agus dúirt: “Tá sé cloiste ag na hÉigiptigh cheana féin, go dtug tusa an pobal seo, trí do chumhacht féin, amach óna measc.