1 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
2 “Abair é seo le clann Iosrael: ‘Nuair a shroichfidh sibh an tír mar a bhfuil sibh le cur fúibh, agus atá á thabhairt agam daoibh,
3 agus go ndéanann sibh, mar chumhracht a thaitneoidh leis an Tiarna de rogha an tréada nó na tána, ofráil dhóite don Tiarna mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é, nó mar ofráil dheonach, nó ar ócáid féile sollúnta de bhur gcuid,
4 ní foláir don ofrálaí, mar bhronntanas uaidh féin don Tiarna, a bhreith leis mar abhlann, deachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín ola;
5 agus ní foláir duit íobairt dhoirte fíona a dhéanamh, ceathrú hín do gach uan, chomh maith leis an uileloisctheach nó an íobairt.