19 ní foláir daoibh roinn a ofráil don Tiarna nuair bheidh arán na tíre á chaitheamh agaibh.
20 Cuirigí i leataobh bairín mar ofráil de chéadthoradh bhur dtaois; cuirigí i láthair é mar ofráil ó bhur n‑urlár buailte.
21 Ní foláir daoibh cuid de thús bhur dtaois a chur i leataobh don Tiarna; déantar amhlaidh ag sliocht bhur sleachta.
22 Má theipeann ort, trí neamhaire, maidir le haon cheann de na haitheanta a thug an Tiarna do Mhaois
23 (sé atá i gceist ná gach aon ordú riamh a leag an Tiarna oraibh trí Mhaois ón lá a thug sé a aitheanta daoibhse agus ar aghaidh go dtí bhur sliocht),
24 mar seo atá le déanamh: Más neamhaire an chomhthionóil uile a bhíonn i gceist, déanadh an comhthionól uile íobairt uileloiscthe de tharbh óg, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna, mar aon lena abhlann agus lena íobairt dhoirte de réir gnáis; agus ofráiltear pocán gabhair mar íobairt pheaca.
25 Déanadh an sagart gnás an leorghnímh a chomhlíonadh do chomhthionól uile chlann Iosrael, agus tabharfar maithiúnas dóibh, mar ba trí neamhaire é. Nuair a bhíonn a n‑ofráil tugtha acu mar íobairt dhóite don Tiarna, agus go mbíonn a n‑íobairt pheaca curtha i láthair an Tiarna acu chun leorghníomh a dhéanamh ar son a neamhaire,