30 Ach an té a pheacaíonn d'aonghnó, más dúchasach, más coimhthíoch, tugann sé masla don Tiarna féin. Déantar an duine sin a ghearradh amach óna phobal;
31 tá briathar an Tiarna tarcaisnithe aige agus a aithne briste aige. Ní foláir an duine sin a ghearradh amach ar fad; leanann a pheaca sa mhullach air.”
32 Fad a bhí clann Iosrael san fhásach, fuarthas fear ag bailiú brosna ar an tsabóid.
33 An dream a rug air ag bailiú brosna, thugadar leo é os comhair Mhaois agus Árón agus an chomhthionóil go léir.
34 Coimeádadh i ngéibheann é mar nach raibh sé socair fós cén pionós a bhí le cur air.
35 Dúirt an Tiarna le Maois: “Ní foláir an duine seo a chur chun báis; ní foláir don chomhthionól go léir gabháil de chlocha ann lasmuigh den champa.”
36 Rug an comhthionól go léir leo é lasmuigh den champa agus ghabhadar de chlocha ann go dtí go raibh sé marbh, faoi mar a d'ordaigh an Tiarna do Mhaois.