4 ní foláir don ofrálaí, mar bhronntanas uaidh féin don Tiarna, a bhreith leis mar abhlann, deachú éafá de phlúr mín measctha le ceathrú hín ola;
5 agus ní foláir duit íobairt dhoirte fíona a dhéanamh, ceathrú hín do gach uan, chomh maith leis an uileloisctheach nó an íobairt.
6 I gcás reithe, ní foláir duit dhá dheachú éafá de phlúr mín measctha le trian hín ola a bheith agat mar abhlann,
7 agus íobairt dhoirte de thrian hín fíona, le bheith ina bholadh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.
8 Sa chás gur tarbh a bhíonn á ofráil agat mar uileloscadh nó mar íobairt, cibé acu ag fuascailt móide é nó mar íobairt chomaoineach don Tiarna,
9 ní foláir, chomh maith leis an tarbh, trí dheachú éafá de phlúr mín measctha le leath hín ola a ofráil mar abhlann,
10 agus ní foláir duit leath hín fíona a ofráil mar íobairt dhoirte, íobairt dhóite a dtaitneoidh a cumhracht leis an Tiarna.