15 Tháinig fraoch feirge ar Mhaois agus dúirt sé leis an Tiarna: “Ná tabhair aon aird ar a n‑ofráil. Níor ghlac mé fiú le hasal uathu, ní mó ná sin a rinne mé dochar d'aon duine acu.”
16 Dúirt Maois le Corach: “Tar féin agus do lucht leanúna go léir os comhair an Tiarna amárach - tusa agus iadsan agus Árón chomh maith.
17 Tugadh gach duine agaibh a thúiseoir leis, cuireadh sé túis ann, agus beireadh sé a thúiseoir i láthair an Tiarna - dhá chéad caoga túiseoir; tú féin agus Árón chomh maith, beireadh gach duine agaibh a thúiseoir leis.”
18 Thóg gach fear a thúiseoir más ea, chuir tine ann, agus chuir túis ar an tine. Bhíodar ina seasamh ag doras Bhoth na Teagmhála agus Maois agus Árón in éineacht leo.
19 Ansin nuair a bhí an comhthionól go léir cruinnithe ag Corach in aghaidh na beirte ag doras Bhoth na Teagmhála, foilsíodh glóir an Tiarna don chomhthionól go léir.
20 Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:
21 “Scaraigí ón bpobal seo, mar go bhfuilimse chun iad a scrios ar an toirt.”