20 Dúirt an Tiarna le Maois agus le hÁrón:
21 “Scaraigí ón bpobal seo, mar go bhfuilimse chun iad a scrios ar an toirt.”
22 Ach chaitheadarsan iad féin ar an mbéal agus ar a bhfiacla, agus dúradar: “A Dhia, a Dhia na spiorad a chuireann anam i ngach feoil, an mbeidh fearg ort leis an gcomhthionól uile de bharr peaca aon duine amháin?”
23 D'fhreagair an Tiarna:
24 “Abair é seo,” ar sé, “leis an gcomhthionól: ‘Druidigí glan amach ó chóngar áitreabh Chorach (agus Dhátán agus Aibíorám).’ ”
25 D'éirigh Maois ina sheasamh ansin agus chuaigh go Dátán agus Aibíorám, agus lean seanóirí Iosrael é.
26 Dúirt sé leis an gcomhthionól: “Druidigí amach, impím oraibh, ó bhothanna na bhfear claon seo, agus ná bainigí le haon ní is leo le heagla go scuabfaí sibhse leis chun siúil lena bpeacaí go léir.”