27 Dhruideadar amach dá bhrí sin ó chóngar áitreabh Chorach.Bhí Dátán agus Aibíorám tagtha amach agus iad ina seasamh i mbéal a mbothanna, agus a mná agus a mic agus a leanaí beaga in éineacht leo.
28 Labhair Maois: “Leis seo,” ar sé, “beidh a fhios agaibh gur sheol an Tiarna féin mé chun na hoibreacha seo a dhéanamh, agus nach de mo rogha féin é:
29 má fhaigheann na daoine seo bás de bhás coiteann, nó más í cinniúint gach duine a bhuaileann iad, ansin níor sheol an Tiarna mé.
30 Ach má dhéanann an Tiarna rud éigin nua glan, má osclaíonn an talamh a chraos agus iad a shlogadh, iad féin agus gach a mbaineann leo, i dtreo go dtéann siad síos ina mbeatha go Seól, ansin beidh fhios agaibh gur shéan na fir seo an Tiarna.”
31 Ní raibh ach a dheireadh sin uile ráite aige nuair a scoilt an talamh ar leathadh fúthu,
32 d'oscail an talamh a chraos agus shlog sé iad, agus líon a dtithe mar aon leo, agus lucht Chorach, agus a sealúchas uile.
33 Chuadar síos ina mbeatha go Seól, iad féin agus gach ar bhain leo; dhún an talamh orthu agus bhíodar sciobtha ó lár an chomhthionóil.