34 Theith na hIosraelaigh go léir a bhí ina dtimpeall roimh a liú; óir, a dúradar: “Ná slogadh an talamh sinn!”
35 Tháinig lasair anuas ón Tiarna agus loisc sé an dá chead caoga fear ag ofráil na túise.
36 Ansin labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
37 “Abair le Eileázár mac Árón an sagart na túiseoirí a thógáil as an ngríosach agus an tine neamhdhleathach seo a scaipeadh ar fud an bhaill,
38 óir tá túiseoirí seo na bpeacach coisricthe in éiric a n‑anamacha. Ós rud é gur ofráladar os comhair an Tiarna iad agus gur coisriceadh iad, déantar an miotal iontu a bhualadh amach ina bhileoga mar chumhdach don altóir. Beidh siad ansin ina sampla do chlann Iosrael.”
39 Thóg Eileázár an sagart na túiseoirí cré-umha a d'iompar an dream a loisceadh, agus buaileadh amach ina mbileoga iad mar chumhdach don altóir,
40 lé bheith ina sampla do chlann Iosrael á chur i gcuimhne dóibh nach ceadmhach d'aon duine nach sagart agus nach de shíol Árón, teacht i ngaobhar an Tiarna le túis a dhó, le heagla gurb é dála Chorach agus a chomplachta ba chríoch dó, faoi mar a dúirt an Tiarna le hEileázár trí bhéal Mhaois.