8 Dúirt Maois le Corach: “Tugaigí cluas dom anois, a mhaca Léiví.
9 An beag libh é go ndearna Dia Iosrael sibh a dheighilt ó chomhthionól Iosrael do bhur mbreith ina chomharsanacht féin, le seirbhís a dhéanamh i dtaibearnacal an Tiarna, agus le seasamh os comhair an chomhthionóil seo ag comhlíonadh na ngnásanna ar a son?
10 Ghlaoigh sé ort le bheith taobh leis, tú féin agus do chomhbhráithre, clann Léiví, in éineacht leat, agus seo thú anois ag tnúth leis an tsagartacht chomh maith.
11 Uime sin is in aghaidh an Tiarna féin a rinne tú féin agus do lucht leanúna go léir an tóstal; cad é Árón go ndéanfadh sibh monabhar ina aghaidh?”
12 Ghlaoigh Maois chuige ar Dhátán agus ar Aibíorám clann Eilíáb. D'fhreagraíodar: “Ní thiocfam!
13 Nár leor sinn a thabhairt ó thír ina raibh bainne agus mil ina slaoda le bás a fháil san fhásach seo, agus gan a bheith ag iarraidh bheith i do thiarna orainn anois?
14 Agus tharais sin, níor thug tú sinn isteach in aon tír ina bhfuil bainne agus mil ina slaoda ann, ná níor bhronn tú aon tailte ná fíonghoirt mar oidhreacht orainn. An amhlaidh is dóigh leat gur dall atá na daoine seo? Ní thiocfam.”