1 Ansin dúirt an Tiarna le hÁrón: “Tusa agus do chlann mhac agus do theaghlach go léir a iompróidh ualach na bpeacaí in aghaidh an tsanctóra; tusa agus do chlann mhac a iompróidh ualach na bpeacaí a bhaineann le bhur sagartacht.
2 Tagadh do bhráithre de chraobh Léiví, craobh d'athar, in éineacht leat chomh maith; aontaídís leat agus déanaidís fónamh duit, duit féin agus do do chlann mhac, agus tú os comhair Bhoth na Fianaise.
3 Tá siad le fónamh duitse agus do sheirbhís uile na Botha. Ar choinníoll nach dtagann siad i ngar do na soithí naofa ná don altóir, ní baol dóibh an bás ach oiread leat féin.
4 Aontaídís leat, agus déanaidís cúram Bhoth na Teagmhála i gcomhair sheirbhís uile na Botha; ná tagadh aon duine eile gan údarás in bhur ngaobhar.
5 Bígí féin i bhfeighil an tsanctóra agus i bhfeighil na haltóra, agus ní thiocfaidh an cuthach go deo arís sa mhullach ar chlann Iosrael.