13 Céadfhómhar a n‑ithreach a thugann siad go dtí an Tiarna, bídís agatsa. Gach duine glan i do theach ní cás dó é a ithe.
14 A mbíonn faoi bhang in Iosrael, bíodh sé agat.
15 Gach céadghin de dhúile beo más fear, más ainmhí, a thabharfar chun an Tiarna, bíodh sé agatsa. Gach céadghin fir, áfach, agus gach céadghin ainmhí neamhghlain, ní foláir duit iad a fhuascailt.
16 In aois míosa a fhuasclóidh tú iad ar chostas cúig sheicil, de réir seicil an tsanctóra, fiche géará is é sin.
17 Ach céadlao bó, céaduan caorach, nó céadmheannán gabhair, ná fuascail; tá siadsan naofa. Ní foláir duit a gcuid fola a chroitheadh ar an altóir agus a saill a dhó mar ofráil dhóite, boladh cumhra a thaitneoidh leis an Tiarna.
18 Leatsa an fheoil, mar aon leis an mbrollach a cuireadh i láthair mar dhleacht ar leith, agus an cheathrú dheas.
19 Gach a gcuireann clann Iosrael de na nithe naofa i leataobh don Tiarna, tugaim duitse agus do do mhic agus do d'iníonacha de réir reachta shíoraí. Conradh salainn é seo go brách i láthair an Tiarna, duit féin agus do do shliocht i do dhiaidh.”