21 Thug mé, thug sin, do chlann Léiví mar oidhreacht na deachúna go léir in Iosrael ar son na seirbhíse lena ndéanann siad seirbhís i mBoth na Teagmhála.
22 Ná tagadh clann Iosrael i ngaobhar Bhoth na Teagmhála feasta; bheadh peaca ina ualach orthu agus gheobhaidís bás.
23 Le Léiví a bhaineann seirbhís Bhoth na Teagmhála, agus iompróidh na Léivítigh ualach a bpeaca. Seo reacht síoraí do bhur sliocht go léir: Ná bíodh aon oidhreacht ag na Léivítigh i measc chlann Iosrael.
24 An deachú a chuireann clann Iosrael i leataobh don Tiarna, tá sí á tabhairt agam do na Léivítigh mar oidhreacht. Uime sin a dúirt mé leo go mbeidh siad gan oidhreacht i measc chlann Iosrael.”
25 Labhair an Tiarna le Maois agus dúirt:
26 “Abair leis na Léivítigh: ‘Nuair a ghlacann sibh an deachú ó chlann Iosrael, an deachú a chaithfidh siad a dhíol libh agus atá á tabhairt agam daoibh ní foláir daoibh cuid de a chur i leataobh don Tiarna, deachú den deachú.
27 Beidh sí seo in áit na hofrála is dual uaibh, mar an t‑arbhar ón urlár buailte agus an nuafhíon ón gcantaoir.