27 Beidh sí seo in áit na hofrála is dual uaibh, mar an t‑arbhar ón urlár buailte agus an nuafhíon ón gcantaoir.
28 Déanfaidh sibhse chomh maith dá bhrí sin roinn a ofráil don Tiarna as gach deachú a ghlacfaidh sibh ó chlann Iosrael. Tugaigí an chuid a ofrálann sibh i leataobh don Tiarna d'Árón an sagart.
29 Cuirigí an chuid is dual de gach tabhartas a gheobhaidh sibh i leataobh don Tiarna. Cuirigí an chuid naofa i leataobh ó thogha na nithe seo go léir.’
30 Abair leo: ‘Nuair a bhíonn an togha curtha i leataobh, bíodh na tabhartais seo go léir (i gcás na Léivíteach) in áit toradh an urláir bhuailte agus an chantaoir fíona.
31 Ní cás daoibh iad a ithe in aon áit, sibh féin agus bhur muintir; sé seo bhur luach saothair ar son bhur seirbhíse i mBoth na Teagmhála.
32 Ní bheidh ualach aon pheaca oraibh dá bharr seo, a luaithe a bhíonn an chuid is fearr ofrálta agaibh; ní mó ná sin a bheidh na nithe a choisric clann Iosrael á dtruailliú agaibh, agus ní bhfaighidh sibh bás.’ ”