4 Aontaídís leat, agus déanaidís cúram Bhoth na Teagmhála i gcomhair sheirbhís uile na Botha; ná tagadh aon duine eile gan údarás in bhur ngaobhar.
5 Bígí féin i bhfeighil an tsanctóra agus i bhfeighil na haltóra, agus ní thiocfaidh an cuthach go deo arís sa mhullach ar chlann Iosrael.
6 Agus siúd iad bhur mbráithre, na Léivítigh, tógtha agam as chlann Iosrael mar thabhartas duit; mar thoirbheartaigh, is leis an Tiarna iad le fónamh ag Both na Teagmhála.
7 Gabhsa agus do chlann mhac mar aon leat na dualgais sagairt a bhaineann leis an altóir agus lena bhfuil laistigh den fhial oraibh féin. Ceiliúrfaidh sibh an liotúirge; cuirim a dhualgais ar bhur sagartacht. Ach aon duine eile gan údarás a thiocfaidh i ngar, cuirfear chun báis é.”
8 Dúirt an Tiarna le hÁrón ansin: “Chuir mé féin tú i bhfeighil gach dleacht dá n‑ofráiltear dom. Gach ní a choisriceann clann Iosrael tugaim mar chuid ranna duit iad, agus do do mhaca, de réir reachta shíoraí.
9 Sé seo a bheidh agat de na nithe sárnaofa, den bhia curtha ar leith ón tine: gach ofráil a dhéanann clann Iosrael ar ais dom, cibé acu abhlann í, nó íobairt pheaca, nó íobairt leorghnímh, is rud sárnaofa í; bainfidh sí leatsa agus le de mhaca.
10 Ní miste duit na nithe sárnaofa sin a ithe, agus ní miste do gach fireannach iad a ithe; bídís naofa agat.