1 Labhair an Tiarna le Maois agus le hÁrón agus dúirt:
2 “Seo reacht den dlí a d'aithin an Tiarna. Inis é seo do chlann Iosrael: ní foláir dóibh bó dhearg, gan locht gan mháchail, nár iompair riamh an chuing, a thabhairt chugat.
3 Tugaigí d'Eileázár an sagart í, agus tugtar lasmuigh den champa í le marú ina láthair.
4 Tógadh Eileázár an sagart cuid dá fuil ar a mhéar agus croitheadh sé an fhuil seo seacht n‑uaire i dtreo dhoras Bhoth na Teagmhála.
5 Loisctear an bhó ansin ina láthair, idir sheithe agus fheoil, agus fhuil, sea agus otrach chomh maith.