13 agus caoga naoi míle trí chéad fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
14 Treibh Ghád. Mar cheann ar chlann Ghád: Eiliásáf mac Dheúael,
15 agus daichead cúig mhíle sé chéad agus caoga fear, ar a ríomh, faoina cheannas.
16 Is é líon tionóil iomlán champa Reúbaen ar a ríomh, céad agus caoga haon mhíle ceithre chéad agus a caoga. Siad atá le bheith sa dara háit ag scor campa.
17 “Ansin gluaiseadh Both na Teagmhála agus campa na Léivíteach i lár na gcampaí eile. Bíodh eagar a ngluaiste ar aon dul le heagar a gcampála, gach duine in ord faoina bhrat féin.
18 “Ar an taobh thiar: Bratach champa Eafráim faoi chóiriú catha. Mar cheann ar chlann Eafráim: Eilíseámá mac Aimíohud,
19 agus daichead míle cúig céad fear ar a ríomh, faoina cheannas.